Songs in Irish
Up Songs in Irish Songs in English

80x80_award3.gif (2703 bytes)

local_lir_medium.gif (2211 bytes)

 

An tAmhrán Náisiúnta;  Maidin i mBéarra;   Mo Ghile Mear;  Amhrán Dóchais Róisín Dubh An Poc Ar Buile An Chúileann Preab San Ól


An tAmhrán Náisiúnta (The National Anthem)
EN00516A.gif (885 bytes)

Curfá:

Sinne Fianna Fáil,
Atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
Thar toinn do ráinig chugainn
Faoi mhóid bheith saor.
Seantír ár sinsear feasta
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill;
Anocht a théim sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil,
Le gunna-scréach faoi lámhach na bpiléar
Seo libh canaig' Amhrán na bhFiann.

Seo dhaoibh, a chairde, duan Óglaigh,
Caithréimeach, bríomhar, cheolmhar.
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
'S an spéir go mín réaltógach;
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo,
'S go dtiúnmhar glé roimh thíocht don ló,
Faoi chiúnas caomh na hoíche ar seol,
Seo libh, canaig' Amhrán na bhFiann.

Curfá:

Sinne Fianna Fáil,
Atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
Thar toinn do ráinig chugainn
Faoi mhóid bheith saor.
Seantír ár sinsear feasta
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill;
Anocht a théim sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil,
Le gunna-scréach faoi lámhach na bpiléar
Seo libh canaig' Amhrán na bhFiann.

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)

Maidin i mBéarra (to the tune of "Danny Boy")music symbol.gif (885 bytes)

Is é mo chaí gan mise maidin aerach,
Amuigh i mBéarra i mo sheasamh ar an dtrá,
Is guth na n-éan 'o m' tharraing thar na sléibhte cois na farraige,
Go Céim an Aitinn mar a mbíonn mo ghrá.
Is obann aoibhinn aiteasach do léimfinn,
Do rithfinn saor ó anabhroid an tláis,
Do thabharfainn droim le scamallaibh an tsaoil seo,
Dá bhfaighinn mé léirdhóthain d'amharc ar mo chaoimshearc bán.

Is é mo dhíth bheith ceangailte go faonlag,
Is neart mo chléibh dá thachtadh 'nseo sa tsráid,
An fhad tá réim na habhann agus gaoth ghlan na farraige
Ag glaoch is gairm ar an gcroí seo i m'  lár.
Is milis bríomhar leathanbhog an t-aer ann,
Is gile ón ngréin go fairsing ar an mbán,
Is ochón, a ríbhean bhanúil na gcraobhfholt,
Gan sinne araon i measc an aitinn mar do bhímis tráth!

Osborn Ó hAimheirghin

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)


Mo Ghile MearEN00516A.gif (885 bytes)

Seal dá rabhas im' mhaighdean shéimh,
'S anois im' bhaintreach chaite thréith,
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc is i n-imigcéin.

'Sé mo laoch, mo Ghile Mear,
'Sé mo Chaesar, Ghile Mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.

Bímse buan ar buaidhirt gach ló,
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón.

Ní labhrann cuach go suairc ar nóin
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó,
Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh
Ó d'imthigh uaim an buachaill beó.

Marcach uasal uaibhreach óg,
Gas gan gruaim is suairce snódh,
Glac is luaimneach, luath i ngleo
Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon.

Seinntear stair ar chlairsigh cheoil
's líontair táinte cárt ar bord
Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó
Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan.

Ghile mear 'sa seal faoi chumha,
's Eire go léir faoi chlócaibh dubha;
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó luaidh i gcéin mo Ghile Mear.

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)

Amhrán Dóchais

Slán go deo le brón is buairt,
Slán gan mhoill dár gcaoineadh dhuairc;
    Canaim laoithe dóchais
    I dteanga bhinn na Fódla,
    'Gus seasaimis go beomhair
    Os comhair an tsaoil.
        Ó, Canaim laoithe dóchais
        I dteanga bhinn na Fódla,
        'Gus seasaimis go beomhair
        Os comhair an tsaoil.

Ní bheam feasta leasc gan luail,
Cráite, cromtha, fannlag, fuar.
    Neart is brí na hóige
    Dár dtarrac tríd a' gcomhlann,
    Is bainfimidne an ceo seo
    Do phór na dtréan.
        Ó, Neart is brí na hóige
        Dár dtarrac tríd a' gcomhlann,
        Is bainfimidne an ceo seo
        Do phór na dtréan.

Clanna Gael faoi réim gan ruaig!
Beidh siad saor is béarfaid bua.
    Leanfaimidne an lócrann
    Do las ár sinsir romhainn,
    Is ní heagal linn go bhfeofaidh
    A gcró 'nár ndiaidh.
        Ó, Leanfaimidne an lócrann
        Do las ár sinsir romhainn,
        Is ní heagal linn go bhfeofaidh
        A gcró 'nár ndiaidh

Osborn Ó hAimheirghin

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)

Róisín Dubh

A Róisín, ná bíodh brón ort fé 'r éirigh dhuit,
Tá na bráithre ag teacht thar sáile is iad ag triall ar muir,
Tiocfaidh do phardún ón bPápa is ón Róimh anoir,
Is ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Is fada an réim do lig mé ó inné go dtí inniu,
Trasna sléibhte go ndeachas léi fe sheolta ar muir,
Is an Éirne do chaith mé de léim í cé mór é an sruth
Is bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín Dubh.

Mhearaigh tú mé, a bhrídeog, is nárabh fhearrde duit
Is go bhfuil m'anam istigh i ngean ort, is ní inné ná inniu
D'fhág tú lag anbhann mé i ngné is i gcruth;
Ná feall orm is mé i ngean ort, a Róisín Dubh.

Shiúlfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghoirt
Mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt de m' thoil.
A chraibhín chumhra, gheallaig domsa go raibh grá agat dom
Is gurb í fíorscoth na Mumhan í mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne ina tuilte tréana is réabfar cnoic
Beidh an fharraige ina tonnta dearga is doirtfear fuil,
Beidh gach gleann sléibhe ar fud Éireann is móinte ar crith
Lá éigin sula n-éaga mo Róisín Dubh.

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)

An Poc ar Buile
poc.jpg (13080 bytes)

Ar mo ghabháil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha,
Píce i m' dhóid is mé ag dul i meithil,
Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh
Ach pocán crón is é ar buille,
     Ailliliú puilliliú, ailliliú tá an poc ar buille
     Ailliliú puillliiú, ailliliú tá an poc ar buille.

Do ritheamar trasna trí ruilleogach
Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge,
Is treascairt dá bhfuar sé sna turtóga
Chuas ina inneoin ar a dhroim le fuinneamh.
     Ailliliú puilliliú, ailliliú tá an poc ar buille
     Ailliliú puillliiú, ailliliú tá an poc ar buille.

Níor fhág sé carraig go raibh scót ann
Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,
Is ea ansin do chaith sé an léim ba mhó
Le fána mhór na Faille Brice,
     Ailliliú puilliliú, ailliliú tá an poc ar buille
     Ailliliú puillliiú, ailliliú tá an poc ar buille.

Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh forsaí chun sinn a chlipeadh,
Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air
Is dá bhríste nua do dhein sé giobail,
     Ailliliú puilliliú, ailliliú tá an poc ar buille
     Ailliliú puillliiú, ailliliú tá an poc ar buille.

I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna
Bhí an sagart paróiste amach inár gcoinnibh,
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba dhóigh leis
A ghabh an treo ar phocán buile!
     Ailliliú puilliliú, ailliliú tá an poc ar buille
     Ailliliú puillliiú, ailliliú tá an poc ar buille.

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)

An Chúileannmusic symbol.gif (885 bytes)

An bhfaca tú an Chúileann 's í ag siúl ar na bóithre?
Maidin gheal drúchta 's gan smúit ar a bróga?
Is iomaí ógánach súilghlas ag trúth lena pósadh,
Ach ní bhfaighidh siad mo rúnsa ar an gcuntas is dóigh leo.

An bhfaca tú mo bhábán lá breá 's í 'na haonar,
A cúl dualach drisleanach go slinneán síos léithe,
Mil ar an ógbhean, 's rós breá 'na héadan,
'S is dóigh le gach spriosán gur leannán leis féin í.

An bhfaca tú mo spéirbhean 's í taobh leis an toinn,
Fáinní óir ar a méaraibh 's í a' réiteach a cinn.
Is é dúirt an Paorach 'bhí 'na mhaor ar an loing
Go mb'fhearr leis aige féin í ná Éire gan roinn.

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)

Preab San Ól

Is iomaí slí sin do bhíos ag daoine
Ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
'S a laghad a smaoiníos ar ghiorra 'n tsaoil seo,
Go mbeidh siad sínte faoi leach go fóill.
Más tiarna tíre, Diúc no Rí thú,
Ní rachaidh pingin leat ag dul faoin bhfód,
Mar sin, 's dá bhrí sin, níl beart níos críonna
Ná bheith go síoraí ag cur preab san ól.

An long ar sáile níl cuan ná cearda
Nach gcaithfeadh cairde fud an domhain mhóir,
Ó ríocht na Spáinne 'gus suas Gibráltar,
'Gus insan áit a mbíonn an Grand Seigniór,
Le gach cárgo ag líonadh málaí
Ní choinneodh an bás uaidh uair ná ló,
Mar sin, a chairde, níl beart níos fearr dúinn
Ná bheith mar táimid, a' cur preab san ól.
                                                                            R. Bairéad

Top of Page  lryaroup.gif (987 bytes) Barr an Leathnaigh  WUH02MNO.GIF (2028 bytes)